Skip to product information
1 of 1

Buybooks.ie

Anansi agus Scealta an Domhain (Was €7.50, Now €3.50)

Regular price €3.50
Regular price Sale price €3.50
Sale Sold out
Tax included. Delivery €4.99 nationwide.

Anansi is a lovable rogue who likes to play tricks on and irritate his neighbours. However he quite social and likes to chat with other animals...when he’s not eating them.

Cnuasach gearrscéalta, naoi gcinn ar fad atá sa leabhar seo. Sé príomhcharactar na scéalta uile ná Anansi, damhán alla a bhfuil caint aige féin, mar atá ag na hainmhithe eile sna scéalta.

Tá dúil mhór ag Anansi i mbia agus nuair a bhíonn a bholg lán is breá leis luí siar cois tine agus scéalta a insint dá chairde. Is beag scéalta a bhí ann nuair a bhí Anansi óg. De réir bhéaloidis, sciob dia na spéire, Nyame, scéalta uile an domhain agus choimeád sé na scéalta i mbosca órga lena thaobh thuas ar scamall mór. Ar chaoi ar bith bhí ar Anansi na scéalta a fháil ar ais ó Nyame. Cuireann Nyame dúshlán roimh Anansi bocht, ach le cabhair óna bhean, atá i bhfad níos cliste ná é féin, tugann Anansi faoin dúshlán. Úsáidtear Gaeilge shimplí le go leor nathanna cainte a thugann saibhreas don fhoclóir. Luaitear glasraí agus torthaí na hAfraice ach taobh amuigh de sin níl trácht ar aon tír eile. Ní thagann sé seo le teideal an leabhair. Tá saint, leithleachas agus clisteacht mar théamaí ag rith trí na scéalta, beagáinín cosúil le finscéalta Aesóp. Níl mórán pictiúr sa leabhar ach an méid atá ann tá siad tarraingthe le peann agus dúch. Ealaíontóireacht an-mhaith atá ann agus oireann na pictiúir go mór don leabhar. Tá gluais ag deireadh an leabhair a chuidíonn leis an léitheoir.